Skip to main content
This information is being maintained for archive/historical purposes only.
It will not be updated.

Foras na Gaeilge 



Language

Gaeilge

Cuntas gairid ar an eagraíocht ar a bhfuiltear ag cur síos sa tionscadal seo

Foras na Gaeilge

Ar an dara lá de mhí na Nollag 1999 bunaíodh Foras na Gaeilge, an comhlacht atá freagrach as an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud oileán na hÉireann.

Faoi réir Chomhaontú Aoine an Chéasta bunaíodh An Foras Teanga, Comhlacht Feidhmithe Thuaidh/Theas, chun an Ghaeilge agus an Ultais a chur chun cinn. Faoi choimirce an chomhlachta sin, déanfaidh Foras na Gaeilge na freagrachtaí go léir i dtaca leis an nGaeilge a chur i gcrích.

I measc na bhfreagrachtaí sin tá labhairt agus scríobh na Gaeilge sa saol poiblí agus sa saol príobháideach i bPoblacht na hÉireann. Tá an fhreagracht chéanna ann i leith Thuaisceart na Éireann, sa chás go mbíonn an t-éileamh cuí ann agus i gcomhthéacs Chuid III de Chairt Chomhairle na hEorpa um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh.

Tá foireann Bhord na Gaeilge, an Gúm (Foilsitheoirí) agus an Coiste Téarmaíochta (Forbairt Téarmaíochta) agus a ngníomhaíochtaí ar fad aistrithe chuig an gcomhlacht nua.

Tá ról ag Foras na Gaeilge i dtaca le comhairle a chur ar lucht rialtais, Thuaidh agus Theas, agus ar chomhlachtaí poiblí agus ghrúpaí eile sna hearnálacha príobháideacha agus deonacha i ngach gnó a bhaineann leis an nGaeilge. Ina theannta sin, cuireann siad tionscadail tacaíochta ar bun agus tugann siad cúnamh deontais do chomhlachtaí agus do ghrúpaí ar fud oileán na hÉireann.

Príomhghníomhaíochtaí Fhoras na Gaeilge:

  • Eagraíochtaí agus gníomhaíochtaí Gaeilge a mhaoiniú.
  • An Ghaeilge a chur chun cinn (lena n-áirítear fógraíocht, comórtais, imeachtaí agus urraíocht).
  • Treoirleabhair agus ábhar acmhainní a fhoilsiú.
  • Urraíocht a dhéanamh ar imeachtaí dátheangacha, ceardlanna agus seimineáir oiliúna, lainseálacha agus taispeántais.
  • Leabhair Ghaeilge agus leabhair inspéise ó thaobh na Gaeilge a tháirgeadh, a dháileadh agus a chur chun cinn.
  • Téarmaíocht nua don Ghaeilge a cheapadh agus foclóirí nua Gaeilge a thiomsú agus a fhoilsiú.
  • Tacú le hoideachas Gaeilge

Limistéar ina labhraítear an teanga

Oileán na hÉireann. Chomh maith leis sin, tá grúpaí Gaeilge i dtíortha go leor eile ar fud an domhain – SAM, Sasain, Albain, Ceanada, an Astráil, srl.

Sonraí sochtheangeolaíochta atá ar fáil faoin teanga

CLAR - Sraith de shuirbhéanna dearcaidh a reáchtáil ITÉ ó 1975 ar aghaidh agus an anailís a rinneadh orthu.

Tá páirt-thorthaí ó shuirbhé a rinneadh ar son Fhoras na Gaeilge i 2001 ar fáil.

Sa Tuaisceart cuireann the Household Survey agus Social Omnibus Survey roinnt eolais ar fáil maidir le dearcaí i leith na teanga.

Gallagher, Anthony M., and Eamon Hanna (2002). Outcomes for Pupils who Received an Irish Medium Education. Research Report Series No. 26. [Research Briefing RB 4/2002.] Béal Feirste: An Roinn Oideachais.

Bunachar sonraí ar thaighde ar Chúram agus Oideachas Luath-óige in Éirinn 1990:2003

Shaw, T. agus McRory, H., (June 2004) Measúnú ar impleachtaí Costello ar fhorbairt na Gaelscolaíochta ag leibhéal iar-bhunscoile. Béal Feirste: Comhairle na Gaelscolaíochta

ROTÉ (2002) Linguistic Accuracy being developed in IM Primary Schools Beannchair: An Roinn Oideachais

ROTÉ (1999) Report on A Survey of Provision for Special Educational

Stádas dlíthiúil na teanga

I bPoblacht na hÉireann is í an Ghaeilge, de réir bunreachta, príomhtheanga oifigiúil na tíre. Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (2003) cuirtear creatlach ar fáil maidir le soláthar seirbhísí tríd an Ghaeilge www.pobail.ie

I dTuaisceart na hÉireann cuirtear cosaint agus cearta éigin ar fáil don Ghaeilge faoi roinnt airteagal de Chuid III de Chairt Chomhairle na hEorpa um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh. Tá cosaint ag cearta áirithe chomh maith i gComhaontú Aoine an Chéasta

Dúshláin choitianta roimh an teanga

  • Titim in úsáid na Gaeilge iar-18 mbliana d’aois.
  • Stádas na teanga.
  • Soláthar leordhóthain de sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge
  • Aistriú teanga i limistéir Ghaeltachta.
  • Gainne seirbhísí óige trí Ghaeilge.
  • Maoiniú na réamhscolaíochta.
  • Dearcaí i leith na teanga.
  • An titim san aistriú teanga ó ghlúin go glúin.
  • Fás na teilifíse Béarla idirnáisiúnta.